‘Sliabh Liag mór álainn a mbíonn féar fada ag fás air, S mil bhuí ag goil le fána ar an Mhám mar a bheadh an drúcht..’
Seo na céad línte den dán iomráiteach ‘Sliabh Liag’ a scríobh an file clúiteach Séamas Ó Doraidheáin sa naoiú haois déag. Níor athraigh Sliabh Liag ó shin agus tá a háilleacht chomh mealltach agus a bhi ariamh.
Tá Sliabh an Liag agus a chuid ailtreacha ina bpríomhphointe aitheantais ar thuras cósta an Atlantaigh Fhiáin. Tá Sliabh an Liag ina áit turais stairiúil do Chríostaithe leis na mílte bliain mar gheall ar an tsaibhreas oidhreachta agus cultúrtha ar leith atá ann. Tá an tSliabh lonnaithe i nGaeltacht Dhún na nGall agus is ann atá na hailtreacha farraige is airde san Eoraip ar féidir teacht orthu de shiúl coise. Tá na hailtreacha ag Bun Glas níos mó ná 600m os cionn na farraige fiáine. Cuirfidh an radharc iontas an domhain ort am ar bith den lá, agus tú ag amharc ó dheas trasna Bhá Dhún na nGall go Sligeach agus Maigh Eo. Déanfaidh tú iontas mar an gcéanna den timpeallacht nádúrtha atá le feiceáil romhat, idir phlandaí agus chréatúirí beo ar farraige agus sliabh.
Tá an spéir ghlégorm os do chionn ag athrú de réir a chéile ina farraige fhuarghorm agus an ghrian ag lasadh go hainglí ar bheanna áille an tsléibhe faoina gclúdach den fhraoch corcra. Siombail sheasmhach is ea Sliabh an Liag do stair, cultúr, béaloideas agus spioradáltacht an cheantair álainn agus an phobail speisialta ina bhfuil sé suite.
Le sásamh iomlán a bhaint as iontais Shliabh an Liag, moltar go láidir duit siúl an cúpla míle fhad leis an phointe radhairc, áit a mbeidh blaiseadh iomlán agat ar áilleacht nádúrtha an cheantair idir chaoirigh, éanacha agus lochanna.
Tá deis ann fosta Sliabh an Liag a fheiceáil ón fharraige agus rogha turais báid ar fáil go rialta ó Chuan Theilinn. Thig leat dul ag iascaireacht nó ag snámh amach ón chuan, rud a thabharfaidh seans duit míola mara agus deilfeanna a fheiceáil, agus gan iad i bhfad uait.
Níl áit is fearr ná an cheantar seo do shiúlóirí mar ní beag an dúshlán dóibh dul a thriall ar Bhealach an Oilithrigh agus an Cosán Aonair. An té a shroicheann an mullach lena radharc álainn ina luí amach roimhe, ní bheidh a leithéid le feiceáil aige choíche go deo arís.